Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 381
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá uaigh ar thaobh an chnuic os cionn an bhealaigh mhóir atá dul eadar Árd a Ratha agus Leac Chonaill ar a dtugtar “An Teannaidh Ruadh.” Bhí an uaigh seo na h-áit folaighe ag ceatharnach coilleadh ins an t-sean am.
Ba ghnathach leis an cheatharnach coilleadh seo teacht fa thighthe Leac Chonaill san oidhche agus biadh a ghoid. Ghoideadh sé préataí, aran, im, bainne agus uibheacha. Bhí eagla ar na daoine roimhe.
Ins an an sin, an chomhla a bhíodh ar gach teach, bhíodh sé déanta de shlatacha ar an nós a ndéantar cliabh. Bhí fear ina chomhnuidh i Leac Chonaill san am, agus bhí dearthair do i bPoinnte Luachrais. Rinn an bheirt deartharach suas go suidhfheadh siad san oidhche leis an cheatharnach coilleadh a choimhead. Shuidh.
Thainic an ceatharnach coilleadh, agus d’ionnsuigh an bheirt air. Thug sé a sháith le déanadh den bheirt, agus d’imthigh sé orthu. Lá ar na mhárach leanadh stráid a chuid fola, agus fuarthas é marbh san uaigh ins “An Teannaidh Ruadh.”- Bailitheoir
- Crochur Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Gallachobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall