Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Phaidir Don Mhaighdean Mhuire.
Failte romhat a Mhuire Mhóir
A Mhaighden Mhuire ar n-eacair chóir
A mhathair Íosa, réalt na mara
Díon na mbocht ‘s ar n-anam chara
Is tú thug arais an blath do thuit
Eabha is mór na grásta dhuit
Rug tú an tUan a shaoraigh sinn
Anois ‘s ar uair ar n-éag linn
Tabhuigh dhúinne síothchan dé.
Sgaoil na glais a cheanglas mé
Greim de’n bhocht - de’n dall a shúl
A mhathair mhuirneach Ríogh na ndúl
A mhathair na subhailceadh agus airc san reacht
A mhathair na h-eagna a’s na h-úmhluigeacht
Saor sinne fríd chéim do Mhic
Ar olc ar dhubh ‘s ar éiric.
Réalt na maidne agus Árd Ríoghain
Seachainn sinn ar bhun na bpian
Go moltar fa do choimirce gan mhaoidheamh
An t-athair, an mac, a’s an spiorad Naoimh - Amen.Tógadh an phaidir seo as leabhar Seamus Mhic Grianra, gasur ins an 7adh Rang. Fuair Séamus i ó na atair mór - Domhnaill Mac Grianra, atá na chomhnuidh ar bhaile an Bheárnais, Tearamonn, Co. Dhun na nGall.- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Mac Grianna
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bearnas Uachtarach, Co. Dhún na nGall