Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 369
- XML “Seanamhrán Gaeilge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán Gaeilge
“Liom féin atáim le h-éirighe na gealaighe”
Sean amhran Gaedhilge.
Liom féin atáim le h-éirighe na gealaighe.
Go h-uaigneach tuirseach ag sileadh deor
Mo ghradhsa dimthigh indiú thar sáile
Is cráidte fan-lag anocht mo ghlór
II
Och sé’n croidh seo ‘tá réabtha stróctha
Le cumhaidh gortuighthe ar do shon a rúin
‘Snach truagh mar tá mé annseo mo dheóraidh
Mo shnúdh ‘s mo mhisneach ag sleamhnú uaim.
III
An ghealach cheadna anois ‘tá gluaiseacht
Faoi’n sgamall dhubh sin san áird ‘tá shiar
Aréir bhí ag amharc, tú lem’ ghualainn.
Anocht ar shiúbhal uam gan teacht Faraor!
IV
Faoi’n chrann ud thall ba ghrathach duit seásamh
Ar an leic ud shíos ba ghrathach duit suidhe
Anocht a rúin tá’n áit sin follamh
‘Snach doilbh dubhach an sgéal dom chroid.
V
Do choisceim éadtrom annseo tá cruithnuighthe
Ní lúbfa noinín led’ chosaibh mear
Do gáire béil-bhinn níos mó ní chluinfear
Ó! rinn tú’n léar-sgrios-gabhail tar lear.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Crochur Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Paidí na Pighne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Rosa, Co. Dhún na nGall