Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 341
  3. XML “Ceithre Críocha Deireanacha an Duine - Bás, Breithiúnas, Ifreann agus Flaithis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ceithre Críocha Deireeannocha an Duine: - Bás, Breithreamhnas Ifreann agus flatheis.
    I. An Bás
    A dhuine bhoicht smaonigh ar do chríocha deireannacha
    Na caith do shaoghal le baois nó le bréig
    Ma tá tú lán slainnte, ailne agus sgéimhe
    Ma shíleann tú gur aoibhinn, cuimhnigh gur baoghalach
    smaoinigh gur as créafoig a rinneadh tú
    agus gur créafog duit a dhéanfar
    Cé gur mór do chuid óir agus d'éirfeachta
    Do mhaith, do siopaí, do chaiple, do chaoraigh, d'éaerhaigh, do chóisdí, do chótaí daora,
    do leapthacha árda, do bhraithlineacha glé geala,
    Do shíota ag cur maise ar do chuid éadargh
    Do chócaire a thoitruí gach méis dhuit
    Do mhuinntear ag cruinnuí ar gach taobh duit
    un rinnce, un damhsa, agus 'um pléisiúra
    Is maith sin go dtarraidh an lá a shíntear san uaig tú
    ach béidh sé an lá sin na sgáile gan éifeacht
    Do mhuinntear, bheirfidh siad cúl go léir ort
    An uair sin a fhúigtear san uaig tú.
    Nuair a dhruidtear an uargh ort nach truaigh tusa
    an uaigh dhuth dhoracha agus ualach den chré ort
    Béidh tú ag fuaradh in do ghuailneacha agus in do ghéaga
    an fholt ghruaige a bhí anuas leat na péarlaí
    Béidh sí cuachta fa do ghailneacha gan réidhteach
    Do ghnúis, do mhalaidhearcha do leicreacha bhí glégeal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus B. Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Paidí na Pingine