Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 315
  3. XML “Scéal Eile a d'Inis Proinsias Ó Gallachobhair Dom”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear bocht ina chomhnuidh comhgarach do Dhún na nGall nuair a bhí Ó Domhnaill ina thighearna ar an cheanntair sin. Bhí capall searraigh ag an fhear seo agus searrach ag siubhal le na cois, agus iad ag inigilt ar an tsliabh. Bhí gearrán ag an tighearna Ó Domhnaill agus é ag inigilt ar an tsliabh chéadna.
    Thóg searrach an fhir bhoicht le gearran an tighearna agus siocair é bheith tógtha leis an ghearran ghlac Ó Domhnaill seilbh air agus thug leis abhaile é le cois an ghearrain ag deireadh an tséasúir.
    Lá amháin ins an tsamhradh ath-bhlidhain bhí Ó Domhnaill ag siubhal ar bhruach abhna in aice le Dún na nGall, agus tchidh sé fear agus slat iasgaireacht aige ach, in áit é a bheith ag caitheamh an líne amach san abhainn, sé'n rud a bhí sé da chaitheamh sa mhíodan.
    Sheas Ó Domhnaill tamall da choimhead agus íontas air fa comh beag céille agus bhí ag an iasgaire.
    “An síleann tú, a dhuine mhodhamhail, go bhfuigh tú iasg ar bith ag iasgaireacht ar an dóigh sin? Má gheibheann, béidh íontas orm sa,” arsa Ó Domhnaill.
    “Ó b’fhéidir go bhfuighinn” arsa an fear. “Bíonn na h-íontais ann. Dar ndóighe ní bheadh sé faic níos iontaighe ná searrach a bheith ag do ghearransa anuraidh!”
    Chuaigh Ó Domhnaill na bhaile agus é ag smaoineadh ar féin, agus chuir sé an searrach na bhaile chuig an fhear bhocht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Proinsias Ó Gallachobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall