Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 313
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí Ó Domhnaill 'na Thighearna i gCaislean Dhún na nGall. Bhí triúr mac aige. Ba mhaith leis déanadh amach ce acu den triúr a ba chliste agus a ba ghaisce.”
Sgéal a chualaidh mé ag Proinsias Ó’Gallachobair, a bhí na comhnuidh- an lá mhair sé- i Leac Chonaill, Árdaraion. Fuair sé bás fa shamhain, 1924. Bhí sé fa tuairim 85 bliadhna de aois san am.
Bhí Ó’Domhnaill na Thighearna i gCaislean Dhun na nGall. Bhí trúir mac aige. Ba mhaith leis dheánadh amach ce acu den trúir a ba chliste agus a ba ghaisce smaonigh sé ar chleas.
Fuair sé pota brot deánta, agus é dearg teith. Tigeann craiceann ar mhullach an bhrot, agus shílfeadh duine go mbéadh sé fuar. Tugadh glogan den bhrot theith do gach fear de na mic.
Bhain an fear ba sinne bolgam as a ghiogan agus cinnte sgalladh é go dtí’n smeir chailleach-- “Brot ó réir é” ar seiseann.
Bhain an dara fear bolgam as a chuid brot féin, agus bhí sé sgallta fosta-- “is mairg nar théidh é” ar seiseann.
Nuair a bhain an treas buachaill bolgam as a chuid brot dubhairt sé “Ní thabhairfeadh frach dubh da éan é”.
Bhí achan fhear acu gearr chliste.- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinsias Ó Gallachobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall