Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 208
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    D’fhiafruigh sí do cia fhad a bhí a thriall anocht. D’innis sé díthe go rabh sé ar lorg na giorrsaighe a bhí ag caitheamh na bróige a bhí in a láimh.
    “Bhal”, arsa’n t-sean bhean, “tá fhios agam-sa cia h-áit a bhfuigh tú an ghiorrsach sin: Siubhal leat, agus na gabh anonn nó anall go rabh tú ag a leitheid seo de theach - ag innse do an áit a rabh an teach agus an bealach a bheirfeadh ann é. Nuair a thug an-leas-mhathair fa dear é ag tionntughadh aníos bealach a’ toighe chuir sí íochtar an trunnca ar a cuid inghineacha fhéin. Bhí an dílleachta bocht in a suidhe sa chlúdaigh agus gan uirthi ach na bratóga. Nuair a tháinig seisean isteach rinne an leas-mháthair forbhfailte mór roimhe. Annsin d’amharc sé thall agus i bhfas ar na giorrsachai uilig agus fa dheireadh chuaidh sé fhad leis an dílleachta agus dubhairt sé léithe :
    “An tusa chaill an bhróg ag geafta thoigh’ an phobail Dia Domhnaigh seo a chuaidh thart?”
    “Is mé, go dearbhtha”, ar sise.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Giolla Easbuig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Mín na Saileach, Co. Dhún na nGall