Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 207
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    i nganfhios mar bhéadh eagla uirthi go bhfeicfidh í. Bhí a leas-máthair agus a cuid leas-deirbhsiúracha ag teacht amach in a diaidh agus a gcinn tógtha in áirde go h-uaibhreach aca. Bhí mac an Riogh in a sheasamh ag an doras ag breatniughadh ortha do réir mar bhí siad ag teacht amach. Thug an dilleachta giorrsaighe iarraidh theacht thart ar a chúl ar eagla go bhfeicfeadh sé í, ach fuair sé a shúil oirthí, agus thug sé iarraidh í a leanamhaint le ceileabhar a chur oirthi. Ach sul ma dteachaidh aige fághail fhad cainnte léithe, bhí an rópa sgaoilte aici-se agus thug léim suas ar an chliobóg.
    Shín seisean a lámh ag saoilstín go bhfuigheadh sé greim láimhe uirthi, ach caidé a fuair sé greim air ach ar an bhróig do bhí ar a cois, agus bhí an bhróg leis, in a laimh. Dubhairt sé annsin nach bpósfadh sé a’n bhean go bráthach ach an bhean a d’fhóirfeadh an bhróg díthe. Bhí sé ag siubhal thart annsin feuchailt an bhfuigheadh sé bean ar bith a rabh bróg de’n chineal céadna aicí. Casadh an t-sean bean bacach seo dó tráthnóna amháin go h-an mhall.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Giolla Easbuig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Mín na Saileach, Co. Dhún na nGall