Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 205
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    ghnáthach léithe a dheánamh i gcomhnuidhe.
    Shuidh sí ins an t-sean áit a mbíodh sí ann i dtólamh agus thúsaigh sí ag smaoitiughadh ar an chaora dhubh a bhí marbh agus a bhí ‘na ceann comh maith sin díthe agus thoisigh sí ag caoineadh go truaghcánta a’s go craidhte. Le sin fhéin tchídh sí sean-bean bhacach a rabh bata léithe in a láimh ag tarraingt aniar chuici as faoi chreig a bhí ann. Bheannuigh an t-sean bhean díthe agus arsa sise.
    “A thaisce ‘s a stór, caidé an fáth a bhfuil tú ag caoineadh”?
    “Bhal, innseochaidh mé sin dhuit”, arsa’n ghirrseach, ag túiseadh agus ag innse dí fa’n chaoraigh.
    Bhal, is mise an chaora sin, arsa’n t-sean bhean, agus bhéinn mo chailín óg murab é gur sgiob an madadh ceann de na cosa, ach anois tá mé ‘mo shean-bhean creapailte le mo shaoghal. An bhfuil fhios agat, ar sise, caidé a dheánfas tú Dia Domhnaigh seo chugainn. Tá, “nuair a imtheóchas an mhuinntir eile uilig ‘un aifrinn ar an chóisde tabhair thusa leat
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Giolla Easbuig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Mín na Saileach, Co. Dhún na nGall