Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 204
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Ó arsa’n girrseach, “níl mé i n-innibh a’n dath a ithe indiu le buaidhreadh agus le cumhaidh go bhfuil tú ag dul m’fhágail”. Ó, ith do sháith, arsa’n chaora, b’féidir go mbéadh aríst ann”.
D’ith sí beagán beag de’n bhiadh ach ní thiocfadh léithe morán a ithe, ach í ag caoineadh go cráidhte.
“Bhal, anois”, arsa’n chaora, tá mé ag imtheacht uait. Ach an bhfuil fhios agat caidé a dheánfas tú, “Nuair a bhéas mé marbh ag d’athair ar an tráthnóna seo agus nuair a bhéas sé ag feannadh an croicinn díom, bhí thusa cinnte a bheith do shuidhe ag na thaoibh agus cuir na ceithre cosa isteach ins an croiceann, cas é agus fág ‘na luighe é ag taoibh na cloiche móire atá taobh thíos thiar dein teach”.
Rinne sí seo ach dá bhárr ar an mhio-fhortún, tháinig madadh thart agus sgiob sé ceann de na cosa a bhí ins an chroiceann sul ar mhothuigh sí. Ar maidin láthair na - bhárach d’imthigh an dílleachta ‘na chnuic mar ba(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Mín na Saileach, Co. Dhún na nGall