Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 36

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 36

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 36
  3. XML “Scéal - An Mhaighdean Mhara”
  4. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Imirt thart fá ó thaobh dé na shíl sé nach rabh suim ar bith acú i ndadaí acht cé bíth greánn beag a bhí acú féin. Acht nuair a chuaidh siad isteach ábhaile arsa t-achran beag acú. O! a Mháthair dá bhfeicfea an rud deas a chuir m'athair i dtaisgidh sa chruach. Chuir sí cúpla ceist ar an phaisde agus d'aithin sí go maith gurb a cloca a bhí i bhfolach aige ann.
    Níor leig sí dadaí oirthí acht nuair a d'imthigh a fear ó'n teach chuaidh sí amach, leag an chruach fuair a chloca agus as go bráthach leithí 'na bhaile 'na fairrge móire.
    D'aithin sé annsin goidé tharla agus chaith sé an chuid eile dá shaoghal ho h-uaigneach ag smaoitiugadh go mion 's go minic fa na Mhaighdean Mhara.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 37. Ní bhíonn crothnughadh ar an tobar go dtraigfinn sé.
    38. Is olc an margach a bhriseas beirt.
    39. Is doiligh an rud atá sa chnámh a bhaint as an croicean.
    40. Is fada ó'n chréith an chéirín.
    41. Na gabh idir Clann a'Eochaidh agus an t-ált.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.