Scoil: Mín an Aodhaire (uimhir rolla 12021)

Suíomh:
Mín an Aoire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seaghan Ó Coinnigeáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Aodhaire
  2. XML Leathanach 337
  3. XML “Cois Abhainn an tSratha Bhuí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is deas an áit cómhnuidhe Cois Abhainn a tSrath Buidhe
    Ó sin go dtí an áit a mbíonn gradh geal mo croidhe
    Tá do ghlórach tráthnóna ag tógadh mo chroidhe
    Go bhfeicidh mé i gcoiste tú posta ar do mhian
    Bhile tá an craobh leat is ní baoghal duit a coidhch'
    Mac-a-samhailt do chéile níl aon fear faoi'n righ
    Le maise, le féile, lé sgéimh ar an eile dhóig
    Is nach ro-deas an féirín bruach an tSléibhe go dtí
    A mbéidhinn-se mar an t-éan beag d'eirigeann le gaoith
    Beidhinn ag éirig ar na géagaibh is ag gealach an oidhch'
    Beidhinn ag ísliughadh a's ag árduigadh mar an t-éan beag an Cuac
    Nó go dtéidhinn 'na h-áite a bhfuil gradh geal mo croidhe
    'Sí Una Geal Mhóra is í leonadh mo chroidhe
    Ag éisteacht le n-a trathnóna agus oidhch'
    D'Imthigh tú leis an óige agus d'fhág tú mé faraoir
    Agus mar tiocfadh ao ban ar sléibhe tá mé leat a choidhch'
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghan Ó Coinnigeáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheal Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall