Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 9

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 9

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 9
  3. XML “An Gníomh a Rinne an Buachaill a d'Fhoghluim 'Prince Charlie'”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an masla dó. D’írigh an saighdiúr é fhéin agus arsa seisean “Bheirim do dhubhshlan” Ceo cú le dorn, na claideamh, nó ag coraidheach a throidfeas tú? Smaoitigh an buachaill agus arsa seisean “le claideamh”. Rith an saighdiúr ‘na “barraice” agus é ag sgairtigh amach. “Tá mé ag dul a pholladh an tÉireannach seo”- an “Mhuc Salach”.
    Nuair a shroichn sé an barraic d’innis sé an scéal do’n Oifigeach, agus ar ndoigh níor chuir an t-Oifeach ina aghaidh. Thainig sé leis fhad leis an áit ina rabh an buachaill, agus dhá chlaidheamh faoí ‘na asgall.
    D’iarr an buachaill an lann a bhí sé ag dul a throid leí a thaisbean dó. Bheir sé greim ar láimh an chlaidhim agus ar bharr na lainne leis an láimh eile, agus lúb sé siar í mar bogha. Leig sé amach annsin é comh luath lamhach is go dteachaid sé díreach suas ins an aer. Nuair a bhí sé ag tuitim chuir sé suas a lamh agus bheir greim air.
    I bpreabadh na súil bhí an claidheamh réid aige fa coinne an darna iarracht sul a rabh faill ag an saighdhiur dearg fios a bheith aige ca rabh sé ina sheasamh. Nuair a chonnaich an tOifigeac angníomh seo, thug sé órdughadh do na chuid fear dul na barraice ag radh leobhta. “Thiocfadh le fear de’n chineal sin an “Regiment” uilig a chuir de’n t-saoghal sul a mbéadh faill agaibh bhur n-anall a tharraingt”.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seósamh Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Niall Ua g Fionnalaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall