Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 22

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 22

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 22
  3. XML “Nóra Nic a Chailc agus Eoin Mhic a Smailc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “An t-anam atá idir mo dhá chluais chonnaic mo dhá shúil shiar annsin é” arsa sise. Reath. N. Nic a Ch., E. Mic a S., Úgh. Ata., Ugh Mh., S. beag na C., S. mór na B. agus an Gearrfhiadh Donn gur casadh ortha an Coinín sa Pholl. Shiúd a’ bás arsa Nóra. “Cá bhfaca tú é”? arsa seisean “An t-anam atá idir mo dhá chluais chonnaic mo dhá shúil siar annsin é” arsa sise. Reath N. Nic a C., E. Mic S., Ugh Átha,. Ugh. Mh. S. beag na C., S. mór na B., An G.Dhonn., agus an Coinín ‘sa Pholl. agus cia casadh ortha acht an “Madadh Ruadh Gaedhealach”. “Siúd a’ bás arsa Nóra. Cá bhfaca tú é? ar seisean “An t-anam atá idir mo dhá chluais chonnaic mo dhá shúil shiar annsin é ar. sise. Reath N. Nic a C., Eóin Mic a S., Ugh. Áta, Ugh. A Mh., S. beag na C., S. Mór na B., An G. Donn, An C. Sa Pholl, agus an Madadh Ruadh Gaedhealach. agus casadh ortha an láir bhán. “Siúd ‘ bás arsa Nóra. “Cá bhfaca tú é? ar sise “A t-anam atá idir mo dhá chluais chonnaic mo dhá shúil shiar annsin é. Reath Nóra Nic. A Chailc, Eóin Mhic A Smailc, Ughdar Atha, Ughdar a Mhuilinn, Saghart beag na Cille, Saghart Mór na Brille, An Gearrfhiadh Donn, An Coinín ‘sa Poll, An Madadh Ruadh Gaedhealach agus An láir bán go dtainig siad fhad le abhainn. Bhí tuille mór ann agus ní rabh siad ábaltá dul trasna “Gabhaigid uilig suas ar mo dhruimsa (arsa’n láir bhán) agus béirfidh mise trasna sibh”. Chuaidh siad suas ar a dhruim acht nuair a bhí siad a dul trasna bhí an tuille ró laidir agus tugad síos an abhainn iad comh tiugh nach rabh siad abálta iad fhein a shabhail agus bathad gach mac mathar aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2021: The Cock and the Hen
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bheirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    43
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall