Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 20

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 20

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 20
  3. XML “Leigheas na bPéisteog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar maidin lathar-na-bharach bhí an bhó comh maith agus bhí sí ariamh.
    Ghnidheadh sé an léigheas do dhaoine ar dhóig eile. Bhí cailín beag ins na “Cealla Beaga” nach rabh ag congbhail go maith agus tug a mathair fá dear go rabh sí lán péistidhe. Chualaidh siad iomradh ar Seán agus lá amhain gléas an mhathair ortha agus níor stad siad gur shroic siad Málainnbheag.
    Nuair a thainig siad toigh Seáin bhí an truaighe aige dobhtha, nó thainiag siad fiche míle ar fad leis an an giorrsach a leigheasadh.
    Fuair Seán bamhal uisge agus nigh sé a lamha ann. Thug sé an t-uisge dó’n giorrsach le h-ól annsin. Lathar na bharach chuaidh siad abhaile nuair a bhí a sgíste deánta aca. Ó’n lá a rinne Seán an léigheas bhí an giorrsach ag biseadh. Ghlan an t-uisge gach peist d’a rabh ina corp amach.
    Deirtear go rabh leigheas peisteóg ag gach duine de Chloinn Chasaide.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
            1. leigheasanna ar ghalair ar ainmhithe (~175)
              1. péisteanna (~35)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Morra
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall