School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 276

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 276

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 276
  3. XML “Scéal fá na Fianna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuaidh Diarmuid amach agus d'iarr uirthe a theacht isteach. Shiubhail sí isteach. D'fiafruigh sé díthe caidé bhí a dhith uirthe agus dubhairt sí go rabh dídeán na h-oidhche a dith uirthe. Bhí truaighe ag Diarmuid dithe de bhrigh go rabh sí an-fhuar agus uaigneach agus dubhairt léithe, Tá tú do sheanbhean ghránna acht má tá féin bhéarfaidh mé dídean duit.
    Thug sé iseach í agus d'iarr uirthi í féin a théidheadh leis an teine. Annsin thug sé a leabaidh féin díthe agus dubhairt sé léithe go dtiocfadh léithe codladh innte go maidín. Tamall i n-dhiaidh sin chuaidh Diarmuid isteach go bhfeicead sé í in-a codladh. Ach nuair a chonnaic sé í ní thiocadh leis a chreidbheál gurab í a bhí ann. I n-áit sheanbhean ghránna chonnaic sé bean uasal an dóigeamhail. Sgairt Diarmuid ar na Fianna agus nuair a chonnaic siad í dubhairt siad gurab í an cailín í a ba dóigheamhla a chonnaic siad ariamh. Le sin mhusgail sí agus chonnaic sí Diarmuid. D'fhiafruigh sí de ca n-áit ann a mbfeárr leis an caisleán ba deise a rinne sé ariamh a bheith deánta. Dubhairt sé léithe gur an chnoc adaí thall. D'iarr sise air amharc amach ar an fhuinneóig agus nuair a rinne sé sin chonnaic sé an caisleán a ba deise a rinneadh ariamh. Dubhairt an cailín leis go dtabhairfeadh sí an caisleán sin dó agus annsin d'innis sí dó gur inghean Ríogh a bhí innte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó h-Eochaidh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall