Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “Síscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Siodh Sceul
    Bhí banaltra ann fad ó shoin agus ní rabh aice acht inghean amháin bhí a fear marbh agus bhí sí ina comhnuidhe i dteach bheag. Lá amháin tháinig fear go dtí an teach ar chapall deas bán. D'iarr sé ar an bhanaltra a ghabhail leis ar an gcapall. Dubhairt sise go rachadh dá ngealladh sé dlíthe go bhágadh sé arais san áit cheudna í gheall sé sin duithe.
    D'imthigh siad leo agus ní dearn siad bead nó mór-chomhnuidhe go rabh siad ag bun aillte d'fhogail doras rompa agus chuaidh siad isteach. Fuair siad iad féin istigh i seomra bheag agus é lán daoine i gceann tamaill rugadh páiste domh bhanaltra ach ní rabh diúl ar bith sa mháthair ins an páiste d'iarr sí ar dhuine aca a ghabhail ar siubhail agus páiste eile a fhágail. D'imthigh seisean leis agus chuaidh isteach i dteach agus fuair páiste. Nuair a thainig sé arais leis an pháiste dubhairt sí garab í a inghan féin a fhágadh sa bhaile a bhí sa phaiste. Fágadh púca na banaltra sa bhaile arais annsin. Nuia a chuaidh an bhanaltra abhaile an oidhche sin bhí sí faoi gheasaibh. Lá thar na bhárach bhí amach i mBaile an Droichid. Shil sise ag gabhail isteach na Bhaile Doithego rabhthar ag cathadh plátaí ar a chéile bhí sead ag déanamh an aread sin tormáin. Dubhairt sí rud éigeanaint leobtha, tháinig duine thart agus ins buille san eádan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó h-Eochaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall