Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 183

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 183
  3. XML “Scéal fá Fhear a Bhí ina Chónaí ar an Chríbhínn”
  4. XML “Scéal fá Bhean Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé a ghabhail. Ní rabh sé ábalta freagar a thabhairt uirthe leis and mhéid a sgannruigh sé. Phill sé annsin ar a' bhaile. Ce bith deifre a bhí air ag imtheacht na chnuic bhí a thrí oiread air ag pilleadh do abhaile. Agus ní theachaidh sé na chnuic ón lá sin go dtí an lá a dteachaidh sé i dtalamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sceal fá Bhean Sídhe
    Bhi bean ann aon uair amháin agus lá amháin smaoinigh sí go sníomhadh sí adhbhar giota báinín a dhéanfadh culaith do n-a fear. Thug sí leíthe gráinín olna a bhí aice agus bhuail sí air a smiotughadh agus a chardáíl. Nuair a bhí dornán rollóg déanta aice chuaidh sí i gcionn a túirne. Níor shníomh sí dadaidh ariamh agus mar sin ní rabh léim mhaith aice air. Nuair a bhí sí tamall maith i n-a chionn agus gan dul aice maith ar bith a dhéanadh thainig bean isteach ar a' doras. Nuair a bhí an bhean a thainig isteach tamall maith ag coimhead uirthi dubhairt sí leíthe go mbhfearr duíthe an olann a thabhairt duithe-sé agus go gcárdálfadh agus go sníonhfadh sí duithei é. Dubhairt an bhean choimhthightheach leíthe nach n-iarrfadh sí a'n pháighe uirthe an la a thiocfad sí ach a innse duíthe ca n-ainim a bhí uirthe-se. Bhi sin maith go leor agus rinne bean a' toighe suas a n-innteann sin a dhéanadh. Thug sí an olann duithe. D'imigh an bhean choimhthightheach leíthe agus ní fhaca sí ca dteachaidh sí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.