Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Léon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 099
- XML “Ridire na Fraince”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d’fiafruigh an fathach dóbhtha caide a bhí é dhioghbháil ortha labhair giolla an bhun chorraid is dubhairt sé, “Thainig muid annseo anocht le sceal a thabhairt dhuit go rabh uaisle an domhain le theacht i mbárach leis an cheann a bhaint díot os coinne do dhorais fhéin. Niór mhaith leanne sin a dheánadh leat”. “Tá mé fiór – bhuidheacht díbh”, arsa an Fathach, “acht béidh mé fhéin ábalta mé fhéin a shábhail i mbárach na (g) tá clocá dorcha agam a chumhdochadh an domhan is ní fheicfeadh siól Éabha mé nuair atá sí orm. “Má tá do sceal fíor, arsa Giolla na Bhun Chorraidh “caithfidh tú oideán a thabhairt duían-mé fosta fúithe na ní amharcothaidh sé go maith in-ár leith muid sinne sgeála a thabhairt dhuit ar do námhaidh”. “Geabhaidh sibhsin agus fáilte, arsa an fathach. “Ba mhaith (a fheic) do chlóca a fheiceaíl a’ chead uair”, arsa Giolla.
D’éirigh an fathach in a sheasamh is shín sé an clóca ar (a) lámh (do) Giolla a Bhun Chorraid. Ní luaithe fuair Giolla an Bhun Chorraid an clóca ann a lámh ná chaith sé trasna ar fhéin is ar mhac a’ Ridire í is shiubhail an bheirt amach gan an fathach a bhfeiceáil. D’imhthigh an bheirt leo go rabh neoín beag is deireadh an lae ann aríst gur tharluigh isteach iad toigh dearthar an fathaigh a ghoid siad an clóca uaid. D’fiafruigh sé sin daobhta caide bí ag cur bhuaidhreadh ? ortha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Conall Mhac Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mhac m Briartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor adhmaid. (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall