Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Léon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 097
- XML “Ridire na Fraince”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí Ridire agus a bhean ina gcomhnuidhe uair amháin sa Fhrainnc is ní rabh fios a saidhbhris aca. Ní rabh aon duine de chloinn aca is ní rabh siad sásta a gcuid saidhbhris a fhágailt ag na coimhthigh go dtí aon lá amháin a tig bean na comharsan isteach chiucí agus d’innis sí bhean a’n Ridire go rabh crann ag fás i leithéid seo d’ áit agus a thcuinge d’iarrfa ar an chrann go bhfuighthe é. Ní luaithechualaidh bean a’ Ridire an sceal rá d’imthigh sí léithe go dtí’n áit a rabh an crann ag fás. Chaith sí í fhéin fan’n chrann agus d’iarr si a h-athcuinge – mac d’ chuid fhéin bheith aca a bheirfeadh aire daobhtha in deireadh a saoghail. Bliadhain ón lá sin rugadh mac. Tógadh suas an gasúr go cúramach ná go rabh sé ag tarraingt ar bhliadhain is fiche nuair a tig bean phisreógach isteach ‘un toighe chacú is d’iarr ortha an mac a chur ar siubhail go rabh sé thaire bliadhain is fiche ná da mbéadh sé ins a’ rioghacht bomaite a bhéadh sé bliadhain is fiche go gcuirfidhe ‘un báis é, agus dá bhfaghad sé an an uair thairis go bhfuighead sé saoghal fada.
Níos luaithe ná chuirfidhe (siad) ‘un báis é d’iarr stad air imtheacht leis beal a chinn amach as a’ Rióghacht. Ghleás sé air is d’imthigh sé leis, gan a thabhairt leis acht beagán airgid.
Shiubhail sé leis an chead lá gur casadh asteach inna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Conall Mhac Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mhac m Briartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor adhmaid. (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall