Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 072

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 072

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 072
  3. XML “Scéalta fá na Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá áit ins an thaobh ó thuaidh den ghleann a bhfuil sidheogaí ann. Lá amháin bhí fear ag gabhail amach ‘na Puirt agus tháinig na Sidheógaí agus thóisigh siad ag chaitheadh chloch air. Ansin thóisigh na Sidheoga a gabhail cheoil agus tháinig sean-sidheóg fhad leis agus d’iarr air gabhail ‘na bhaile agus nuair a tháinig an fear na bhaile bhi a mháthair ag fághail bháis.
    Bhí fear ina chomhnaidhe ar an Chaiseal. Maidin amháin bhí sé ag gabhail fhad leis an aonach agus chonaic sé fear roimhe. Nuair a tháinig sé fhad leis an fear chuir sé ar an chapall é agus nuair a chuaidh siad giota eile chonaic siad capall bán ag teach fhad leo agus sidheog ag marcaidheacht air. Fuair an t-sidheog greim ar ceann de na fir agus chuir sé ar a capall féin é.
    Ansin chuaigh an capall bán ar siubhal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Ó Canainn
    Inscne
    Fireann