Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 059
- XML “Scéal Eile”
- XML “Na Dlíthe Peannaideacha agus an Ceantar Seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí siad ag teac ‘un a’ bhaile chonnaic siad na “game keepers” ag teacht agus bhí an fear ar crith le eagla nó ní tiocfhadh leobhta a fhaghail ar siubhal i nganfhios daobhtha.
“Ná bíodh eágla ort” arsa an sagart “ghiobhaidh muid ar shiubhal”, shiubhal siad síos taobh amain de’n chlaidhe agus tháinig siadsan ar an taobh eile ach ní cuireadh dallóg ar na saigdiuirí agus fuair an bheirt eile un’ a” bhaile.
San am cheadna chuir siad nimh shá choinne madaidh an t-sagairt ách fuair an chonairt a bhí aca fein é agus nuair a tháinig an fear seo’un’ a’ bhaile bhí siad roimhe agus iad ag tabhairt ime agus uisge beatha do na coin le iad a léiriughadh, ach ní rabh gar ann. - Tá trí chloc i nGortaluain agus léighthe an t-Aifreann ar na clocha seo agus deirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)