Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 053

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 053

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 053
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé an-mháith ag goid. ...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Annsin d’imthigh mach an ghadaidhe, agus bhain sé a bhróga de agus cuir sé salachar i mbróig amáin. Annsin chuaidh sé ar aghaidh giota agus dfag sé an bróg eile ar an bhealach mhór.
    Annsin chuaidh sé féin i bhfhollach ar chúl an claidhe. Chonnaich an fear an bhróg shalach agus nuair a chuaidh sé giota eile chonnaic sé an bhróg eile. Ceanghail sé an caora ar théad, agus phill sé go dtí an chead bhróg, agus chuaidh sé ag nigheadh na bróighe salaighe. Nuair a phill sé go dtí an chaora. Bhí sé goidthe ag mac an ghadaidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge