Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 052

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 052

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 052
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an t-sean am nuair a bhí gear leanamhaint ar chreideamh leigheadh na sagairt an t-Aifreann amuigh i gcúl na gcnoc. Corr -uair ghníodh na caitliocaigh umhaigh faoin talamh agus théigheadh an sagart agus an pobal uilig síos go dtí an umhaigh agus léigheadh an sagart an t-Aifreann.
    Bhí an sagart ag léigheadh an Aifrinn lá amháin ag an Sgreig Mhóir. Bhí spaideóir i measg an phobail agus d'innis sé do na produseanaigh go rabh an sagart annsin. Tháinig na produsteanaigh agus fuair pordusteanach amháin greim ar an sagart agus rith fear den phobal isteach agus bhuial sé an produsteanach agus chaith sé síos ar an talamh é. D'éirigh leis an t-sagart ealódh ach mharbhadh an fear.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé an-mháith ag goid. ...

    Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé an-mhaith ag goid. Bhí mac ag an fhear seo agus dubhairt sé nac bhfoghluimeoch adh sé cheirde ar bith ach a bheith ag ghoid.
    Lá amháin bhí sé féin agus fear eile in-a shuidhe ar thaobh an bhealaigh mhóir. Chonnaic síad fear ag teacht le caoirigh.
    Dh’fhiafruigh an fear eile de a an dtiochfadh leis an chaora a ghoid ó’n fear sin. Dubhairt an mac go dtiocfadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge