Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 048
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear i na chomhnaidhe ar an ghleann seo uair...

    Bhí fear i na chomhnaidhe ins an Ghleann seo uair amháin agus bhí sé an-tugtha de’n airnéal. Ghléas sé a chapall tráthnóna amháin agus chuaidh sé amach go Mín an Chearrbhuidh a d’áirnéal. Nuair a bhí sé ag teacht isteach na leachtuidhe casadh fear air. Chuaidh an bheirt a comhradh le na chéile ach ní thiocfadh le fear an chapaill dhéanamh amach cá leis a rabh sé ag cainnt.
    Tharraing an fear tréim ar an Phort agus ar an ghleas beo a bhí ag na daoine ann. D’innis fhear an chapaill do’n fhear eile an uile rud fa dtaobh d’en Phort. Sa deireadh chuir fear an chapaill [fairn ]? ar an fhear eile cor b’é é fhéin agus deir seisean, “[Mir ]? ag ainmniughadh a ainm agus ar seisean”, “Muna gcreideann tú mé sin an lámh ar baineadh barra na gcúig méir dé an oidhche a bhí mé fhéin agus tusa ag déanamh an phoitin. Bhuail fear an chapaill buille de’n larg ar an capall agus thug a aghaidh ar an bhaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí fear ann fád ó shoin agus bhí sé amuigh...

    Bhí fear ann fád ó shoin agus bhí sé amuigh comhgarach do’n Phort ag déanamh poitín agus bhí an oidhche an - dorca agus ní rabh duine ar bith leis. Chaithead sé an chéad ghloine de’n phoitín ar siubhal do na sidheógaí achan oidhche acht ní dhearn sé é an oidhche seo.
    San mheadhon-oidhche tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic Fhionnlaoich
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall