Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 040

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 040

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 040
  3. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  4. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  5. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag gabhail suas an staighre agus leig sé an láimh leis.
    Thuit an fear i laige agus thionntuighan fear anuas agus fuair greim ar an lámh agus ghreamuigh ar a ghualainn aríst é.
    Annsin d’éirigh an fear a bhí i laige agus fuair sé an t-airgead aríst.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fir ins an Ghleann seo tuairm as fiche bliadhain ó shoin dar b’ainm daobhtha laighiní agus bhí púnt beag aca agus theidheamh siad anonn go Sligeach agus aríst. Ach uair amháin chuaidh siad anonn agus nuair a bhí siad ag teacht araise tháinic an stoirim. Bhí bucoid leobhtha. Thoisigh an t-uisge a theacht isteach agus theann siad ar na madaí-ramhaí, agus fá dheireadh landáil siad i gcuibhreann preataí. Nuair a tháinic siad amach as an bhad thiocfadh leobhtha a gcuid lámha a chur amach eadar na claraí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Bhí fear i na chomhnaidhe ar an coillte Fanaid darbh ainm Seán De Burca. Bhí sé lá amháin é fhéin agus cupla fear eile amuigh ins na sléibhte ag déanamh poitín. Nuair a bhí siad tamall maith ag déanamh póitín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheal Mac Giolla Easbuic
    Faisnéiseoir
    Aodh O Curraoin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    18
    Seoladh
    An Bhráid Íochtarach, Co. Dhún na nGall