Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 029
- XML “Seanchas fá Cholm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Colmcille i na fhear óg ní rabh sé déirceach ar chor ar bith. Ní thabarfadh sé rud ar bith uaidh agus d'iarr sé ar an cháilín aimsire gan rud ar bith a thabhairt do na bochta.
Lá amháin bhí Colmcille amuigh ag cathadh uisge ar an choirce a bhí ag fás aige. Nuair a bhí sé gnóite mar seo tháinic fear an-bhocht chun an toighe agus ní rabh duine ar bith istoigh sa teach ach an chailín aimsire.
Bhí sise ag déanamh caca mín-chruaidhe agus d'iarr an fear bocht uirthí gíota de a thabhairt daoithe. Dubhairt sise nach dtiocfadh léithí siocair nach mbéadh Colmcille sásta léithí.
Annsin d'iarr sé úirthí gíota beag de a thabhairt dó agus thug sí dó é. Nuair a bhí sin déanta chait sé isteach an t-arán sa teinidh agus tháinic pionnán coirce amac as.
Le sin tháinic Colmcille isteach agus d'fiafruigh sé caidé tháinic ar an teinidh, agus nuair a d'innis an chailín aimsire dó fan rud a thárla d'iarr Colmcille úirthí achan rud a thabhairt do na bochta go h-áirid an rud a bhí aige. Ó shoin amac thoisigh Colmcille ag teargasg agus d'éirigh sé 'na fhear an-naomhtha.- Bailitheoir
- Máire Nic Niallghuis
- Inscne
- Baineann