Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 026
  3. XML “Tairngreachtaí Cholm Cille”
  4. XML “Tairngreachtaí Cholm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sul a dtáinic Naomh Colmcille chun na h-áite cuireadh an tóir air ó Conndae eile i n-Éirinn. Annsin tháinic sé isteach annseo.
    Bhí sé tamall istigh annseo agus nuair a bhí sé ghá fhagháil rinn sé turas agus i n-áit amháin tá cosamhlacht cathaoireach deanta istigh i gcloich.
    Agus nuair a shuidh Colmcille istigh sa chathaoir seo dubhairt sé go sgairteadh sé Gleanncolmcille ar achan áit dhá rabh sé ag amharc air o'n chathaoir sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Dubhairt Naomh Colmcille go rabh sean teach amuigh i nGleann Locha agus nuair a thiocfadh an cogadh go mbéad lán an toighe sabhailte.
    Nach muirbhfidhe duine ar bith sa ghleann seo le tairneach.
    Go mbéadh Éire saor sa bhliadhain naoi gcéad déag is a dachadh.
    Go dtiocfadh rud isteach ins na Cealla Beaga a bhéadh ag cur teinidh amac ar a bheal.
    Go mbéad na sgéaltaí ag gabhail ar bharr bataí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinseas Mac Fhionnlaoich
    Inscne
    Fireann