Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
  4. XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar fhasgadh go dtí go mbhéidh an fhearthainn thart.
    Diúltuigh siad an fasgadh dó agus dubhairt seisean go mbéadh fasgadh a dhit ortha fhein roimh an maidin agush nach bhfuigheadh siad é. I lár an oidhche tháinic an doineann go h-an trom agus leagadh na ballaí ar an thoigh sin agus ní rabh siad abalta fasgadh a fhaghail in áit ar bith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair a bhí Naomh Colmcille i na chomhnuidhe ar an Bhiofán bhíodh sé ag tarngaireacht. Seo cuid de'n tarngaireacht.
    Dubhairt sé go dtiocfadh much dubh anios agus go gcuirfeadh sé muintir Ghlinne uligh amac ins an Poll Ghorm ach amháin na daoine a bhead in a seasamh ar chloic atá eadar an Bhiofan agus an Bhaile Árd. Nuair a bhéafar ag troid an chogaidh dheireannaigh ar an domhan a tiochfas an mhuc dhubh seo.
    Dubhairt sé go mbéadh droichid ar achan sruithan comh maith leis na h-abhnacha agus go (mbeadh?) na fir ag obair ar a gcuid féirm fhéin agus iad a fhaghail páighe roimhe deireadh an domhain.
    Dubhairt sé nach muirbhfidhe duine ar bith sa Ghleann seo le tairneach nó le splaince.
    Dubhairt sé fosta go mbéadh crainn ag fás ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinseas Ó Miannáin
    Inscne
    Fireann