Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 020
  3. XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
  4. XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chuaidh sé amach agus mharbh sé an bhó a bhí ins an bhoitheach. Ach aon lá eile nuair a bhí Colmcille ag siubhal amuigh tháinic neach chuighe agus dubhairt nach rabh sé ceart nó cóir aige an bhó sin a mharbhadh. Annsin dubhairt Colmcille - "Goidé thig liom a dhéanamh anios ar ndóighe tá an droch ghníomh déanta agam." Annsin dubhairt an neach - "Gabh abhaile agus cruinnigh na cnamha arís go mbéidh sí mar bhí sí aroimhe."
    Chuaidh Colmcille abhaile agus chruinnigh sé na cnamha i gcionn a chéile ach ní thiocfadh leis cnamh na coise tosaigh a fhaghail. D'éirigh an bhó ina seasamh agus annsin chonnaic Colmcille go rabh sí bacach. Bhíodh níos mó bainne ag an bhó indhiaidh sin na bhíodh aroimhe. Annsin d'fhag sé ina bhuaidh ar achan bhó bhacaigh go mbéadh níos mó bainne aicí na bó eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair a bhí Naomh Colmcille ag siubhal thart ar ghleann oidhche amháin thoisigh sé ag chur feartainn'e. Chonnaic sé teach comhgarach dó, agus chuaidh sé fhad leis.
    D'iarr sé ar na daoine taobh istigh é a léigeant isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Nic Giolla Easbuic
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cionn na Coilleadh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Giolla Easbuic
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cionn na Coilleadh, Co. Dhún na nGall