School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 016
  3. XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
  4. XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Naomh Colmcille ag teicheadh na ndeamhan as an Ghleann seo thuit an teanghaidh as an chlog a bhí aige. Thosaigh sé ag guidhe chun chluig eile(?) a fhaghail, agus nuair a d'amharc sé síos ar an talamh - bhí clog úr ann. Bheirtear "Poll an Chluig" ar an áit ar thuit an teanghaidh.
    Am eile nuair a bhí an Naomh ag teicheadh ó'n námhaid chuaidh sé suas ar mhullach cruaiche i bhfolach ortha. Ach bhí bárr tanaidh ar an chruaich agus nuair a tháinic an namhaid(?) fhád leis chonnaic siad Naomh Colmcille thuas ar a bharr.
    Annsin thug(?) an Naomh a mhallacht ar cruaich a mbéadh barr tanaidh ar. Rinne Naomh Colmcille tairnghaireacht sul (?) a b'fuar sé bas. Dubhairt sé go mbéadh an saoghal ag reathaigh ar rothaí agus go mbéad slad dubh ar Éirinn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó h-Eochaidh
    Gender
    Male
  2. Bhí Naomh Colmcille i nDoire uair amháin agus bhí sé an-mhór le fear amháin. Bhí fhíos ag Naomh Colmcille go rabh cuid de na fir ag iasgaireacht agus go rabh an fear seo ar duine aca.
    Lá amháin tháinig an fear seo isteach "na" bhaile agus mála
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.