Scoil: Cóguis (uimhir rolla 16135)
- Suíomh:
- An Chógais, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Seaghain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cóguis
- XML Leathanach 059
- XML “An Bhreacach Bhreac Bhreá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’imthigh an bhreacach bhreac breagh léithe annsoin chuig a cuid dearbhrathar leis an bhiadh agus nuair a thainic sí fhad leo sa chaislean d’iarr sí ortha a gcuid a dheanamh. Nuair abhí an biadh caitte aca nígh sí a lámha agus a gcosa agus chuir sí isteach i luighe iad. Ag imtheacht dí dhruid sí an doras agus d’iarr sí ortha gan a fhoscal go dtigheadh sí arais lathar-na-bhárach, agus dubhairt siad-san nach bhfosclóchadh.
Shiubhail sí leithe annsoin ag deanaigh ar an bhaile, agus ní dhearn sí moill ar bith ar an bhealach go dtáinic sí go dtí an áit a raibh giorsach ‘na leath – shúile ‘na codhladh. Tharraing sí an bioran suain as a ceann agus mhuscail an ghiorsach.
“Nach náireach duit é do luighe do chodhladh annsoin” ars’ an bhreacach bhreac bhreagh “gan cuideachta a chong-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Seághain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Péigí Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall