Scoil: Cóguis (uimhir rolla 16135)
- Suíomh:
- An Chógais, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Seaghain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cóguis
- XML Leathanach 057
- XML “An Bhreacach Bhreac Bhreá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cailleach na gCearc, “an bhainríoghain abhí annseo rómhat chuireadh sí bíadh amach chuig na bochtaibh gach lá”. Dubhairt an bhainríoghain annsoin go raibh sí ag cur an bhreacach bhreac bhreagh lé bíadh lé bíadh chuig na bochtaibh ach’ an lá, ach dúbhairt Cailleach na gCearc nach raibh ach chuig triúr mac an ríogh. “Béidh fhios sin agamsa amárach” ars’ an bhainríoghain. Bhí triur iníghean ag an bhainríoghain. Bhí dá shúil ag bean acu, trí shuil ag an dara bean agus bhí an tríomadh bean aca ar leath shúil.
Ar maidin d’eirigh an bhreacach bhreac bhreagh go luath agus rinne sí réidh bíadh fa choinne é thabhairt chuig a dearbhrathaireachaibh. Nuair a d’imthigh sí d’iarr an bhainríoghain ar ghiorsaigh na leath – shúile bheith léithe, agus shiubhail sí sios an camhsa na diaidh. Nuair abhí an bhreacach bhreac bhreagh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Seághain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Péigí Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall