Scoil: Cóguis (uimhir rolla 16135)
- Suíomh:
- An Chógais, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Seaghain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cóguis
- XML Leathanach 006
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(Bhí sé ins an dorchadas)
21. Dhá chos faoi, trí chosa os a chionn, a cheann in a thóin agus a thóin os a chionn?
Fear agus póta ar a cheann)
22. Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh ‘san oidhche?
(Cásan)
23. Tá bean bheag amuigh annsin agus tá beilt da cuid féin aicí?
(Pionann choirce)
24. Suibhlann sé Éire agus a cheann faoi?
(Táirne bróige)
25. An té a ghnidheas é ní chaitheann sé é agus an té a chaitheas é ní fheiceann sé é?
(Comhnair)
26. Siud ‘sa chlúid é, agus dhá chéad súl air?
(Reideal)
27. Codhluigheann sé san oidhche agus a cheann ina shúil?
(Buadharach bó)
28. Asal iarainn ag dul anonn ar dhroichead cnámh agus buachaill buidhe a thiomaint?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Nic t Seaghain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall