Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 326

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 326
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Fhéile Bríde”
  4. XML “Sean-Nósannaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an tábla téigheann sé amach.
    Bheireann sé na feaga leis agus ag teacht ar leic a’ dorais do déireann sé, “gabhaigidh ar bhur nglúnaibh, fosclaigidh bhur súilibh agus leigigidh isteach Bríghid”. Freagrann bean a toighe, “sé beatha”. Sgairteann seisean ath uair, “gabhaigidh ar bhur nglúnaibh, fosclaigidh bhur súilibh agus leigigidh isteach Bríghid”. Freagrann sise, “sé beatha, sé beatha”.
    Sgairteann seisean an tríomhadh h-uair, gabhaigidh ar bhur nglúnaibh, fosclaigidh bhur súilibh, agus leigigidh isteach Bríghid. Freagrann bean a’ toighe, “sé beatha na mná uaisle”.
    Annsin fágann sé na feaga faoi’n tábla go mbíonn an tae thart. Nuair a bhíos an tae thart gnídheann gach duine de’n teaghlach cros. Nuair a bhíos na crosanna deánta fágtar san fhuinneoig iad. Lá thar na bharach cuirtear uisge coisreactha ortha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sean Nósannaí.
    Nuair a cuirtear an t-uisge coisreactha ar na crosanna, cuirtear ceann acu i gcionn a toighe. Cuirtear annsin é mar sciath le linn gaoithe móire agus toirnighe.
    Cuirtear ceann san stábla le gach tinneas agus aicídeacha a coingbheailt ar shiubhal ón capall.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.