Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 313
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhíodh sé abálta a thabhairt anonn bheireadh siad anonn é agus leigeadh siad na luighe é leis an iarann.
    D’fágadh siad annsin go mbíodh sé cruaidh. Nuair a bhiodh sé cruaidh ar taobh amháin tionntóchadh siad thart an bonnóg agus bhíodh an taobh eile d’en bonnóig leis an teinidh annsin. Nuair a bhíodh an taobh sin cruaidh thógadh siad ó’n teinidh é. Gnídheadh siad arán phlúir fad o shoin fosta.
    Arán Plúir.
    Gheibheadh siad baisín céad uair agus cuireadh siad gráinín ann. Go minic chuireadh siad dhorn de min bhuidhe fríd. Chuireadh siad gráinín soda agus gráinín salainn isteach leobhtha annsin. Chuireadh siad pandaí blaithche isteach annsin agus mheasgadh siad na ceithre rudaí le chéile. Bhíodh siad ag measgadh agus ag measgadh leis an spanóig go dtiocfadh an spanóg amach glan. Nuair a thiocfadh sé amach glan gheibheadh siad gráinín de phlúr le na thiormughadh. Annsin chaitheadh siad giota beag ime nó bealadh eighinteacht ar an oidhean. Chaitheadh siad an t-arán isteach annsin bhruigheadh siad thart ins an oidhean é. chuireadh siad an oidhean annsin ar an teinidh agus chuireadh siad an clár air annsin. Cuireadh siad aibhléogaí ar an chlár annsin. D’fágadh siad annsin é go mbíodh sé deanta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní hAsgáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall