Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 312

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 312

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 312
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    isteach san oighean é go mbéadh sé deánta. Nuair a bhíodh sé deánta thógadh siad amach é.
    II
    Gníthear an bocstaí agus arán préataí go fóill. Oidhean an t-ainm atá ar árus an aráin. Cuirtear cros ar bharr an chiste. Ní glacann sé oiread ama le na dheánamh nuair a bhíos cros ar a bhárr as a ghlacann sé nuair nach mbíonn cros air. Gnídheadh siad arán mhin-choirce nó arán mhin-cruaidheamhail fad o shoin fosta.
    II
    An Dóigh a Gnídheadh siad é.
    Ar dtús geibheadh siad báisín agus cuireadh siad gráinín mhin-choirce isteach ann. Annsin chuireadh gráinín siúcra isteach leis agus mheasgadh siad an dá rud le céile. Gheibheadh siad pandaí de uisge te agus mheasgadh siad mhin-coirce agus an t-uisge le chéile. Nuair a bhíodh cineál de liathróid deánta d’en mhin thógadh siad amach ar an tábla é. Annsin bhíodh siad ag a bháchail go cionn tamaill. Bhruigheadh siad amach annsin é go ndeánadh siad bonnóg ceárnógach dó. Annsin gheibheadh siad gráinín phlúir agus cuimileochadh siad gráinín de ar gach taobh d’en bhonnoig. D’fágadh siad annsin é go mbíodh sé righin go leor le greim a fhághail air le na thabhairt anonn go dtí an t-iarann a bhíodh na seasamh ag an teinidh. Nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní hAsgáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall