Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 310

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 310

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 310
  3. XML “Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    shiubhail. Ach caithfidh sé béith fríd an teach agus an dallóg air go bhfuighidh sé greim ar duine eighinteacht.
    Stáisúin.
    Suidheann na daoine ar cathaoireachaibh díobh fhéin giota maith ar shiubhal ó chéile. Gheibheann duine amhain peannluaidh agus paipéir agus sgríobhann sé síos oiread bailte agus tá de daoine ag imirt. Annsin téidheann sé ó dhuine go duine ag tabhairt ainm baile do gach duine le cuimhna a choingbheailt air. Gheibheann duine amhain dallóg agus cuireann sé air é. agus seasann sé i lár an urláir. Suidheann an duine a bhfuil an páipeár aige, ar suidheachan do féin fosta. Sgairteann sé amach dhá ainm baile agus cuireann na daoine ag a bhfuil na h-ainmneacha sin suas a gcuid lámh. Caithfidh na daoine malairt áiteach a dheánamh. Nuair atá siad ar a mbealach ó áit go h-áit mar seo gnídheann an duine a bhfuil an dallóg air iarraidh le greim a fhághail ar dhuine de na daoine sin. Ma gheibh sé greim ar dhuine ar bith acu cuireann sé an dallóg air, ach muna bhfághann caithfidh sé an dallóg a choingbheailt air go bhfuighidh sé duine eighinteacht. Nuair atá gach duine socruighthe ina áit sgairtear amach dhá ainm eile agus gnídhthear an rud céadna arís.
    Leantar de’n cluiche seo go n-éirighthear tuirseach dá imirt.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Aodha
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Seoladh
    Mucros, Co. Dhún na nGall