Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 307

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 307
  3. XML “Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Neóin a phreabann,
    Preabann súile,
    Súile seicne,
    Seicne mine,
    Mine aon cois sliomaigh,
    Sliomaigh slata,
    Buille beag ar bharr a shlaite,
    Crup isteach a phlaice.
    An cos ar a dtuiteann an focal ‘plaice’ caithfidh sé an glún a crupadh isteach.
    Téidheann siad ar aghaidh arais leis an rámus agus cruptar gach cois a dtuiteann an focal ‘phlaice’ air uirthí. An té is deireannaigh nach bhfuil nach bhfuil a chosa cruptha aige tá’n cluiche aige.
    Hurly Burly:
    Beirt atá de dith leis an cluiche seo a imirt. Seasann duine ar chúl duine eile agus bualann sé a druim le na lámha ag rádh san am céadna:
    “Hurly Burly trump a’ trace,
    The cow went to the market race,
    Míle muc i mála muc,
    How many horns stant up?”
    Cuireann sé suas oiread méar agus is mian leis, agus tosuigheann an duine eile ag tomhas cé mhéad méar atá thuas aige. Muna dtomhaiseann sé an méid ceart an céad iarraidh ní bhéidh seans ar bith eile aige agus deirtear an rámus arís. Leantar de go dtomhaiseann sé i gceart
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Aodha
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Seoladh
    Mucros, Co. Dhún na nGall