Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 261
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn fáilte roimh cuid acu, agus roimh cuid eile ní bhíonn. Fanann siad tuairim deich mbomaite i ngach teach. Iomeurann cuid acu biadh leobhtha, agus iarrann cuid eile acu biadh agus déire.
Iarrann siad airgid, éadaigh, agus biadh.
Píobairí a bhí i gclann Uí Chonaill agus téigheadh siad-san thart ina ndreamanna. Fidileoirí a bhí i gClann Uí Dhochartaigh agus téigheadh siad-san thart ina ndreamanna. An lucht a mbíodh gléasartaí cheoil acu, bhíodh fáilte rompa in ngach teach a théigeadh siad ann.
Nuair a bíonn na laethe fliuch cruinnigheann na daoine isteach ag éisteacht leo, ach nuair a bíonn na laethe maith, ní thabhaireann siad áird ar bhith ortha.- Faisnéiseoir
- Liam Ua hÉigheartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70