Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 258
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Scéal fá Shaidhmidh A' Dochartaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Díolann sé an olann annsin agus gheibh sé airgead air. Ceannuigheann sé a bhiadh leis an airgead a gheibh sé air.
- Scéal fa Saidhmidh A’ Dochartaigh.
Bá as Ciarraighe Saidhmidh A’ Dochartaigh. Goid sé rud éighinteacht nuair a bhí se óg agus cuireadh amach as Ciarraighe é. dFág sé agus tháinic sé shuas go Muin Séarlais i gConndae Dhun Na nGall. Bhí bóitheach beag dé tóighe aige agus théigheadh sé féin agus a cholcheathar, Micí A Docharthaigh amach a’ chruinnuighadh gach lá agus corr uair codhluigheadh siad lé taobh a’ bhealaigh mór. Bhíodh Saidhmidh cineál amaideach corr uair. Bhí sé ag fanacht i dteach i n-Dachtán am amháin agus lá aonaigh amháin chuaidh sé amach go dtí an aonach. D’ól se cupla gloine agus chuaidh se ar meisce. Chuaidh sé anonn fhad lé ceanntóir agus cheannuigh sé péire stocaí ar scilling. Cuaidh se síos fhad lé sean-bhean a bhí giota taobh thíos dé agus arsa seisean léithe. “Seo dhuit a bhean chóir tabhair an stoca seo abhaile leat agus ma thig lá fuar cuir an stoca seo ar do chos agus na bain díot é go dtéighidh mise suas fhad leat. Bhí an bhean seo bocht agus bhí athas uirthí stoca a fhághail. An lá na dhiaidh sin chuir an bhean an stoca uirthí agus i lár an lae cé téid sí ag teacht aníos a’ ród ach mó óganach agus rud éighinteacht ina lámh leis. Isteach leis(leanann ar an chéad leathanach eile)