Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus cruinneochadh siad mín. Bhíodh sac leo le preataí agus sgeidhíní a chur ann.
    Bíonn fáilte rompa ins na tighthibh. Coinnigheann na daoine iad ar feadh oidhche agus imthigheann siad ar maidín. Codluigheann cuid aca ar sáideóg sa chludaigh. Dá mbeadh sgiobal ag duine bheárfadh sé do fear siubhail ar feadh oidhche é. Bíonn biadh ag cuid aca agus ní bhionn dadaidh ag cuid eile. Iarann siad déire ó ná daoine. Iarann siad té, súicra, uibheacha, plúr, préataí, bainne, min, agus airgead. Teigheann cuid aca de siubhal na gcos agus cuid eile ar trucall agus carraí. Bíonn carraí, caiple, agus aisle leobhtha. Comhnuigheann siad-san amuigh san oidhche i gcampaí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal.
    Lá amháin bhí Ned Ua Ceinnide i dteach pobail in Árd na Ratha. Bhí torraimh ann. Bhí Ned comhgarach don áit a rabh na daoine ag sgairtughadh an ofhráil. Bhí sé ag éisteacht. Bhí aithne aige ar na daoine. Stad an sgairteadh ar feadh bomaite. Seas Ned suas agus sgairt sé amach. “It would be fitter for yous go home an ‘pay yer debt!”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.