Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 240
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Déagh chríoch, A Thighearna, go rabh ar deireadh ár mbeatha.
4. Seo thíos an paidir a deirtear oidhche na marbh:An duine atá ag tabhairt amach an paidrín deireann sé: “A Iósa na dtruan deán truaighe dóibh san a’s
dúinne”.
Freagarann na daoine eile ata sa teach: “Suaimhneas siorruidhe dóibh-san a’s dúinne”.
Deireann an duine atá ag tabhairt amach an paidrín an paidir sin deich n-uaire agus freagarann na daoine air leis an paidir eile deich h-uaire. Gnídheann siad seo cúig h-uaire cosamhail leis an Paidrín Páirteach.5 Deirtear an paidir beag seo indhiaidh an Paidrín Pairteach:
“Paidir is Abhe Mharia chuig Dia ar son na h-anamacha bochta atá i bPurgadóir agus nach bhfuil aon duine ar an t-saoghal seo le guidhe ar a son”.- Faisnéiseoir
- Cáitlín Bean Mic Cathail
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall