Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 212
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)44. Níl aon teine mar do teine féin.
45. Na mol is na caín tú féin.
46. Aitnigheann ciaróg, ciaróg eile.
47. Is glas na cnuic i bhfad uainn ac ma’s glas ní feármhar.
48. Gheibheann pingin, pingin eile.
49. Sguabann sguab úr glan.
50. Gnidheann sparan trom croidhe éadtrom.
51. ‘Sé do mhac, do mhac indiu, sé dó ingean dó ingean go deó.
52. Is deacair olann a bhaint de’n ghabhar.
53. Briseann an dúthcas fríd crúb a’ chait.
54. Níl aon mhaith sa t-seanchasg nuair a bhíos an t-anachan deánta.
55. Bíodh meas agat ort féin agus béidh meas ag an uile dhuine ort.
56. Ní féidir leis an gobadan dá tráigh a freastal.
57. Ma’s goirid dó dhuine a chóta is giorra dhó a léine.
58. An fear nach n-iomchaireann a chóta lá tirm ní bhéidh sé aige lá fliuc.
59. An té nach ólann ach uisge ní bhíonn sé ar meisge.
60. An té nach bhfuil láidir caithfidh sé bheith glic.
61. Níor dhruid Dia bearna ariamh na’r fosgail sé ceann eile.
62. Pós bean sléibhe agus pósfaidh tú an sliabh uilig.
63. Gheibheann na ba bás fad is bhíos an fear ag fás.
64. Caingbigh an droch duine leat agus beidh an duine maith i dtólamh agat.
65. Ceannuigh searrach agus goidfidh tú gearán.
66. Ní ionann mar fhásas achan slat, is ní ionann nádúr achan mhac.
67. ní hé an uile lá a marbhfas Maghnus bológ.
68. Mhair a chapall agus geobhfar féar.
69. Greim ar ruball eascoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall