Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 211
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)17. Is maith súgh na mbó – beo nó marbh.
18. Is binn béal na Thost.
19. Cuir hata ar bata is gheobhaidh sé bean i nGleann.
20. Pós beas as Gleann is pósfaidh tú an Gleann uilig.
21. Na deán reacht is na bris reacht.
22. Is fearr obair ‘ná cainnt.
23. ‘Se dó phóca dó chara.
24. Níl sé beag dóigheamhail nó mór grádhna.
25. Is láidre dúthcas nó oileamhaint.
26. Thiocfaidh an duthchas frídh crúba an chait.
27. Is teann gach madadh ag a dhoras féin.
28. Bíonn leacacha sleamhna i dtoighthibh daoine uaisle.
29. An té ata na chomhnuidhe i dtoigh gloine ní ceart dó cloch a caitheaní.
30. Is namhaid gach ceird gan a fhoghluim.
31. Is olc an t-éan nach solathaireann a nead féin.
32. Is minic nach é an capall is fhearr a thógas an rása.
33. Is olc an cú nach fiú fead a leigean uirthí.
34. Nuair is cruaidh dó’n cailleach caithfidh sí rith.
35. Ní fhóireann teas nó fuacht do’n t-sean – chailleach.
36. Is mairg a ghnídheas an t-olc agus a bhíos bocht ‘na dhiaidh.
37. M’as cam díreach an ród sé an bealach mór an t-aithghiorra.
38. Nuair a chruadhann an t-slat is deacair a shníomh ‘na ghad.
39. Ní chuimnightear ar an arán indhiaidh a ithe.
40. Bíonn blas ar an bheagan.
41. An té a bhíos amuigh fuarann a chuid air.
42. Capall na h-oibre an biadh.
43. Is ualach éadtrom an fogluim ach is adhbhar achrainn í go minic.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall