Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Pósaithe - Pisreogaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pósaidhthe (Ar Leanamhaint). (Pisreógaí)
    Ainm an duine o’na bhfuarthas na Pisreógaí seo – Séamus Ua Máodhacháin.
    A Shéoladh – Dachtán, Cill Cartha , i dTír Chonaill.
    A Aois – 56 bl. A Ghairm-Bheatha – Feirmeór.
    Cá’r tógadh é agus car caith sé a shaoghal – in Dachtán, Cill Cartha.
    Ainm an duine ó’r cualaidh séiseán na Pisreógaí – O’na Athair.
    Cé mhéad bl o shoin – 37 bl.
    Aois an duine eile an t-am sin – 44 bl.
    An áit a rabh an duine eile na chomhnuidhe – in-Dáchtán, Cill Cartha.
    An dáta ar a scríobhadh na pisreógaí sa leabhar seo – 3/6/1938.
    Pisreógaí.
    Deir na sean-daoiní nár chóir dó’n bhríghdeóig éadach a bhfuil spotaí ann a chaitheamh lá an phósta. Níor chóir dó’n bhaintreabhaigh éadach bán a chaitheamh lá an pósta. Ní bhéidh ádh ar bith an bhríghdeóig a chaitheas éadaigh glasa nó buidhe lá an phósta. Níl sé cheart dó’n bhríghdeóig amharc isteach sa scáthán nuair a bhíos sí ag deánadh réidh an maidin sin. Bá cheart dó chailín eile í a chóiruighadh. Ní bhéidh ádh maith ar bhríghdeóig a shoillsigheann an ghrian uirthí ag níghe a éadáin dí nó ag dhul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.