Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 207
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhíodh fear nó beirt eile leis, agus tosóchadh an margadh indiaidh tamaill chomhraid. B’iomdha troid a bhíodh ann nuair a bhíodh an fear ag iarraidh ‘Cruth’ ar athair na mna agus nuair nach mbeádh sé sásta é a thabhairt.
An lá a bpósfaidhe an lánamhain, bhíodh baineis i dtoigh na mna agus d’fanadh lucht na bainse ag damhsa ann go máidin. Bhíodh sluagh daoine na ndiaidh go dtí Teach a’ Phobail ach nuair a thainig na cairr amach bhíodh an sluagh ar na cairr in áit bheith ag siubhail. Bheireadh an lánamhain cuireadh dó fidileóir agus bhíodh seisean ar an chéad charr leis an lánamhain agus é ag seinm.
Tá mórán pisreógaí ag na daoine fa dtaobh de lánamhain. Deirtear go mbéidh drochádh ar an bhríodeóg má chastar an cat dí ar maidin a pósta. Ma gheibheann an brídeóg dubhan alla ar a gúna béidh saoghal sonasach aicí. Má ghnídheann an cat sróthfaoil ar lá na bainse béidh an t-ádh ar an bhrídeóig.
“Is méanra dó’n bhrídeog ar a soillsigheann an ghrian”. Deirtear gur comhair dó’n bhrídeóg iasacht baill dá cuid éadaigh a fhaghail.
Roimhe seo chaitheadh an cailín péire bróga a gheobhadh sí deánta ag an gréasaidhe agus péire stocaí a ghnidheadh siad féin sa’ bhaile. Gheobhadh siad iasacht hata ó dhuine eile da bhfeicfeadh siad hata deas ag duine.
Ar a mbealach abhaile ó’n Teach Phobail bhíodh siad ag coimhlint le capaill agus le capaill agus carraí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 88
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall