Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Comhartha gálughadh trom: Gaethe na gréine a bheith ag soillsuighadh fríd na nealtaí.
Comhartha fearthanna: An grian a bheith ag soillsuighadh ar na carraigeacha san dóig go silfeá gur gloine atá ionnta.
An Ghealach:
Comhartha fearthanna: faínne a bheith ar an ghealaigh.
Comhartha aimsire mhaite: An gealach a beith san dóig (san céad ceathramhadh) go diocfadh le duine a hata a chrochadh uirthí.
Comhartha siocáin: Gealach lán a bheith dearg nuair atá sí ag eírige.
Na Realtaí.
Comhartha siocáin: Na réaltaí a beith ag sgaoileadh.
Béidh an gaoth as an áird sin a dtáinig an réalt as an lá indhiaidh sin.
Comhartha siocain: An loinnir ins na realtaí.
Na Nealtaí (scamaill)
Comhartha doininne: Rith ar na néaltaí siubhail ar na spearthái.
Comharthái fearthanna: Nealtaí a beith dubh.
Comhartha sneachtha: Néaltaí a beith bán.
Comhartha fearthanna: "féasogaí gabhair" san spéir.
An tuar ceatha.
Comhartha fearthanna: Tuar ceatha goirid ar sléibhtibh Connacht.
Comhartha fearthanna. Tuar ceatha ar máidin.
Comhartha aimsire maithe. Tuar ceatha san oidhche.
Comhartha uaire maithe. Tuar ceatha i lár an lae.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mic Cathail
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall