Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 187
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bréige a dheánamh agus d’fág siad san garraidhe é. Sean spád a bhí ann a chur siad cóta air, agus hata, agus clarsúir thart fá na mhuineál.
Nuair a bhí Tomás ag teacht abhaile ag am luighe chonnaic sé an dúilach san gharraidhe. “há”, arsa Tomás, “tá tú gabhta anois”.
Bheir sé greim ar chloich agus chaith sé ar an fhear é. Bhuail sé an fhear agus thuit sé. Ach nuair a thuit seisean thuit Tomás nó shíl sé gur mharbhuigh sé duine. Nuair a bhí sé ag tuitim leig sé án sgread, agus dubhairt sé, “mharbhuigh mé dhuine”. Chuala na daoine san teach an sgread, agus nuair a tháinig siad amach bhí Tomás ina luighe ar an talamh gan spreagadh. Cuireadh go gasta fá choinne an t-sagairt. Tháinig sé agus ba h-é bhí feargach nuair a chonnaic sé a d’imireadh ar an seandhuine bhocht sodhantach.
Rinne sé seanmóir iongantach an céad Domhnach ‘na dhiaidh sin. Tar éis trí lá bhí biseach aríst ar Thomás.- Faisnéiseoir
- Liam Ua
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall