Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 179
- XML “Scéalta Greannmhara - Scéal fá Mhícheal Ua Cordáin”
- XML “Scéalta Greannmhara - Mar Bhain an Fear an Geall.”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an uile chumhachta thú.’
“Ocht bpinghin déag” arsa Micheal agus d'imthigh an dá shaghart ag gáiridhe. - Mar bhain an fear an geall.Bhí beirt fhear ag baint féar le corráin lá amháin agus bhí fear aca ar gach taobh de'n teorainn. Bhí fear aca pósta agus bhí an fear eile díomhaoin. Ní raibh siad an-mhór le chéile ar feadh na mbliadhan tach ach an lá seo bhí an fear díomhaoin ag teacht ró-fhada thar an teorainn. Thoisigh an bheirt ag dearbhughadh agus d'fhiafruigh an fear pósta de'n fear eile caidé'n fáth nach raibh seisean pósta mar fear eile agus dubhairt an fear díomhaoin leis -
"Tá bean agat-sa agus tá oiread grádh aicí orm-sa as tá aicí ort fhéin."
"Caidé’n dóigh a bhfuil fios agat-sa sin?" arsa an fear pósta agus chuir siad suas geall.
"Gabh thusa isteach" ars' an fear díomhaoin, “agus leig ort go bhfuil tú án-tinn agus go bhfuil tú ar leabaidh an bháis agus rachaidh mise isteach a' dheánamh truaighe duit agus annsin beídh fhios agat go bhfuil an rud a deirim-se fíor."
Chuaidh an fear isteach agus chuaidh sé a luighe agus leig sé air go raibh sé ar leabaidh an bháis. Bhí a bhean aníos agus síos a' t-urlár ag mairgnigh agus ag rádh “caidé dheánfas mé?"
I ndhiaidh tamaill tháinig an fear eile(leanann ar an chéad leathanach eile)